School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Location:
Baile Chláir, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Conchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0196

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0196

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Page 0196
  3. XML “Cúram na gCos”
  4. XML “Cúram na gCos”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá go leor seanchais i dtaobh na gcos. Bhí uair ann agus ní chaitheadh na daoine aon bhróg ar chor ar bith acht amháin ar an Domhnach. Cuimhnigheann mo athair ar an uair a mbíodh na gréasuidhthe ag déanamh na mbróg. Cheannuigheadh na daoine an leathar ins na siopaibh agus dhéanadh sn gréasuidhe na bróga acht uaireannta cheannauigheadh daoine peidhre bhróg ins na siopaibh agus caitheadh siad na bróga sin ar an Domhnach. Tá cuid de na daoinibh fásta thart annseo agus ní chaitheann siad bróga sa samhradh agus ní chaitheann na páistí aon bhróg ins an samhradh.
    Deireann na daoine thart annseo nach ceart an t-uisge le n-ar glanadh na cosa a chaitheamh amach gan splanc dearg a chaitheamh ins an uisge ar fhaitchíos go dtógfadh na sidheóga é agus ní bheadh an t-adh ar an duine sin ar fhad is a mhairfeadh sé. Ní cuireadh na daoine bróga ortha fadó go mbíodh siad ocht mbliadhana d'aois.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. clothing and accessories (~2,403)
        1. shoes (~1,841)
    Language
    Irish
    Collector
    Seaghán Pheadar Ó Fathaigh
    Gender
    Male
    Address
    An Laighdeacán, Co. Galway
  2. Fadó ní chaitheadh na daoine aon bhróg go mbíodh siad in-a bhfearaibh. Déantar na bróga anois ins na monarchainibh. Fadó déanadh na gréásuidhe na bróga. Ní dhéanann na gréasuidhthe anois acht iad
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.