School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Location:
Baile Chláir, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Conchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0207

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0207

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Page 0207
  3. XML “Na Fataí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cuireann chuile feilméar thart annseo fataí. Bíonn dá acra fataí curtha ag gach duine beagnach. Tá go leor cineál fataí ann agus tá ainmneacha faoi leith ag gach cineál. Seo cuid aca - Champions, Striped Champions, Aran Banners, Kerrs Pinks, Flounders and Aran Chiefs. Cuireann na Feilméaraí na fataí le go mbeadh biadh aca agus ag na h-ainmmhidhthibh ar feadh an Geimhridh. Cuirtear na fataí i Mí na Márta agus i Mí an Aibreáin agus baintear iad i Mí Dheireadh Foghmhair. Is i ndrilleannaibh a cuirtear na fataí anois. Caithfear an talamh a shaothrughadh i dtosach agus annsin na drilleanna a dhéanamh ann. Annsin sgartar na sgoilteóga ins na díogaibh agus dúntar iad. Sgartar aoileach ar na sgoilteógaibh agus dúntar na drilleanna leis an gcéacht. Díolann na feilméara fataí ar an margadh i nGaillimh. Déantaí stailc de na fataibh thart annseo fadó.
    Gearrann na mná na fataí agus déanann siad na sgoilteóga. An chuid de'n fhata a bhíos fágtha tar éis na sgoilteóga a bhaint aiste tugtar sgiollán uirthe. Cuireann cuid de na feiléaraibh feamann ar na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. potatoes (~2,701)
    Language
    Irish
    Collector
    Annraoi Ó Dubhagáin
    Gender
    Male
    Address
    An Móinteach Thuaidh, Co. Galway
    Collector
    Maoilsheachlainn Ó Nuadhain
    Gender
    Male
    Address
    Droim na Gaoithe, Co. Galway