School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- XML Page 0189
- XML “Mo Cheantar Féin”
- XML “Mo Cheantar Féin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Mo Cheantar Féin
“Maoilsheachlann Ó Nuadhain an t-ainm atá orm. Tá mé i mo chónaí i dTurloch Bréige.”
Maoilsheachlann Ó Nuadhain an t-ainm atá orm. Tá mé i mo chomhnuidhe i dTulach Bréige. Níl acht aon choill amháin ins an gceanntar seo. Níl aon loch ins an gceanntar seo. Níl acht aon abhainn amháin ins an gceanntar seo agus sé an t-ainm atá uirthi ná an Clár. Tá naoi gcinn de thighthibh ins an gceanntar seo. Tá ceithre cinn aca agus is tighthe ceann tuighe iad agus is tighthe ceann slinne na cúig cinn eil. Níl sé i bhfad ó cuireadh na tighthe ceann slinne suas. Is tighthe dá stóir ceithre cinn de na tithibh ceann slinne, acht níl acht aon stór amháin sa cheann eile. Is feilméaraí na daoine atá ina gcomhnuidhe ann acht aon duine amháin agus is gréasuidhe é sin. Tá go leor sean-amhrán agus sean-sgéalta aca freisin. Ní raibh mo athair ina chomhnuidhe ins an gceanntar seo i gcomhbuidhe.Tá sé ina comhnuidhe ann le dhá scór bliadhan. Bhí an teach tógtha ann roimhe.- Tá mé in mo comhnuidhe i gCathair Gamhann. Tá dá cheann déag de thighthibh ann. Tá trí ann de thighthibh ceann rlnne ann. Bhí ragapt ma comhnuidhe ann atá trí reóin bliadhan ó rhoin. Tá lorg a tighe ann fór agus tá rgeach ag fás i mbéal an dorais. Bhí teach mór ann ag na Blácaighibh agus tá na sean-bhallaí ann fós. Bhí dúthaigh talmhan(continues on next page)