School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Location:
Baile Chláir, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Conchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0212

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0212

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Page 0212
  3. XML “Scéalta ag Baint le hAinmhithe Allta”
  4. XML “Scéalta ag Baint le hAinmhithe Allta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sionnach ann uair amháin agus oidhche an dorcha tháinig sé go cró na gcearc agus chuaidh sé isteach i bpoll a bhí ann agus thosuigh sé ag marbhughadh na gcearc. Ar maidin nuair a tháinig an feilméar amach leis na cearca a leigint amach bhí siad ar fad marbh agus an sionnach ina luighe mar a bheadh sé caillte in aice leo. Rug an feilméar ar ruball an tsionnaigh agus thug sé cúpla cic dhó agus caith sé amach ar an gcarn aoilig é. Annsin d'éirigh an sionnach agus rith sé leis.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
    Folktales index
    AT0001: The Theft of Fish
    Language
    Irish
  2. Bhí Sionnach ag siubhal thart lá agus casadh portán leis. Bhí siad ag siubhal le chéile agus thosuigh an sionnach ag caitheamh droch-mheasa ar an bportán agus ars' an sionnach "Níl a bhfhios agam an ar do chúl no ar t'aghaidh nó i n-aghaidh do thaoibhe atá tú ag siubhal". "A shionnaigh na gcrúb" a deir an portán, "cuirfidh mé giní go scoithfidh mé thú i rása míle". Chuir an sionnach giní eile nach scoithfeadh. Thosuigh siad ag rith. As go bráthach leis an sionnach. Thug an portán léim agus chuaidh sé i bhfastódh in earball an tsionnaigh agus bhí sé ag imteacht gur tháinig sé go cloich an míle. Chas sé go tapaidh go bhfeicfeadh sé cá raibh an portán. Léim an portán as a earball
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.