Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní bhíod mórán siopaí san áit seo fadó. Tá go leór aca ann anois. B'éigin do'n na daoine dul go Gaillimh chun na rudaí a bhí ag teastáil uata a cheannacht. B'éigin dóíbh siubhail síor agus aniar. Níór raibh aon gluasteáin aca fadó mar atá anois. Téigeann siad go Gaillimh anois i ngluaisteáin ní raibh mórán airgead ag na daoine fadó agus bhí siad an-bhocht. NÍ raibh siad ag deánamh mórán úsaid as airgead fadó. Seárd a bhíod siad ag déanamh na ag tabhairt earraí eile ó'n a chéile. Bhídís ag tabhairt bheithidhigh a chéíle, caiple, caoirigh, muca, cearca. Deireann daoine gur bhé an Aoine an lá is áthamhla chun gnó áirithe do thosnú cuir i gcás ag cur fátai, no coirce, no turnapaí, no cruithneacht. Is i nGalhimh a bhíod an margad agus i mBaile Clár.