Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0042

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0042

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
  2. XML Leathanach 0042
  3. XML “Fiach an tSionnaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fiadh [!] an t-sionnaigh.
    Chuaidh club fear amach ag fiadhac an tsionnaigh lá. D'fhan fear aca amuigh dhá fhiach, indhiaidh na bhfear eile ar fad. D'fhan sé amuigh nó gur bhain an oidhce an lá dhó. Ní raibh a fhios aige cé dtiocfhadh sé. Chonnaic sé solas fadh a radairc uaidh, agus dubhairt sé leis féin go dtaraingeóchadh sé air. Bhí sé féin agus a chapall ag imtheacht thar sgeachaibh, clocha agus gach rud dá raibh ar an mbealach go dtí an solas, bhí an capall indon léimhreach thairis. Nuair a bhí siad go dtí teach an tsoluis, bhuail an fear ar an doras. D'fiafhruig fear an tighe cé bhí annsin, agus céard a bhí uaidh. Dubhairt an marcach go raibh lóistín ag teastáil uaidh go maidin. "Bhel," adeir fear an tighe, "ní fhéadfhaidh mé aon lóistín a thabhairt duit." "Nach bféadfá mé a fhághail faoi dhíon an tighe go maidin" ars an marcach. "Thairs sin féin" adeir fear an tighe, "níl aon stábla agam le n-aghaidh do chapaill. "Níl mise ag íarraidh aon stábla le na h-aghaidh, fanfadh sí ceangailte annsin ag an doras go maidin," arsa an marcach. "Thairis sin féin," adeir fear an tighe, tá trioblóid ar bhean an tighe. Dubhairt an "nurse" go raibh an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. seanchas ainmhithe (~1,185)
        1. sionnaigh (~151)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bhailentín Ó Dubhagáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    c. 66
    Seoladh
    An Móinteach Thuaidh, Co. na Gaillimhe