Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deirtear gur roimh an gCarghaos is mó a phósann daoine. Níor chuala mé faoi na laetha nó na míosa is athamhala chun pósadh a dhéanamh, ach chuala mé cúpla Pisróg faoi pósadh.
Deirtear nach ceart pósadh a dhéanamh i mí Bealtaine.
Nuair a bhíodh siad ag dul a' pósadh fadó deirtí gur ceart tairngní cruaidh capaill a cuir in a bpocaí ar faithcíos go ndeanfaoí droch súil díobhtha.
Sé an spré a geobhadh an bhean ná calap an spré, cómhra mór, eadach leabhtha agus airgead.
Bhí go leor nósanna acu fadó nuair a bhíodh siad chun pósadh.
Is ar caiple a rachadh na daoine a bhíodh le pósadh chuig an seipéal.
Is ins an trathnóna a bpostaí iad agus ní bhíodh aon Aifreann Pósta acu.
Sé an cáca pósta a bhíodh acu ná cáca mín coirce. Nuair a bhíodh an lanamhain imthighte go dtí an séipéal sin é an uair a déanaidís é.
Nuair a bhíodh an lánamhain(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mairtín Mac Giollarnaith
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Cathair Ghabhann, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Mairtín O Culeanáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Chreig Bhuí, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheál O Mhaoldomhnaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Chreig Bhuí, Co. na Gaillimhe