Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)i mBaile Chláir agus is féidir leo bróga a deisiúghadh. Seo iad na rudaí a bhíonn ag an ngréasaidhe snáth lín agus céir rudóg, meanach, ceap, clinsí, cruidhte, bairrbín, taoibín agus toishí. Bíonn snáth lín aca le h-aghaid an bhróg a fhúagháil. Bíonn céir aca le h-aghaidh ruadhóg a dhéanamh. Bíonn meanach aca le poll a chur sa leathar.
Cuirtí píosaí de shéithe bhó agus caoirigh timhceall na gcos ins an nGeimhridh fadó.
Tá air chuile dhuine aire a thabhairt dá gcuid cosa, mar ní'l aon mhaith le duine ar bith gan iad. Caithean na daoine bróga cun a gcosa a shábhail ó'n na clocha agus ó'n mbóthar. Uaireanta bíonn na bróga ag gorthuigheadh a gcosa agus bíonn bostóga orra annsin. .Sé an leigheas atá aca orra na boglach a bhruith agus a chuir leis. Ta roinnt pisreóga ag bainnt leo. Is ceart [ceart] an t-uisge a níghfeá do chosa ann a chaitheadh amach san oidche ar eagla go dtiochfhadh an diabhal isteach.
Tá roinnt gréasaidhe san áit. Na h-uirlísí a bhíos aige:- snáth(leanann ar an chéad leathanach eile)