Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé an t-aos a bhíod ag na daoine fadó sul a gcaithidís bróga na cúig-déag na sé déag de bhliadhanta. Bhíod na páistí cosnocht sa Samhradh fadó agus bíonn siad aois mar freisin. Seo cúpla pisreóga a chuala mé:-
Deartear nach ceart an t-uisge a níghfheá do chosa ann san oidche a chaithead amach.
Deirtear freisin dá gcuirtí biorán isteach san uisce a níghfheá dá chosa ann na dtiochfhadh aon chorn ort.
Tá go leor fear eile thart annseo indon bróga a dheisúghadh seachas an Gréasaidhe. Tá m'athair indon iad a dheasúghadh. Nuair a bhíos taob na bróige briste cuireann sé taoibhín air.
Déanann sé ruadóg i dtosach le snáth lín agus céir. Fuaghann sé an bróig leis an ruadóig, bhíonn meanac aige freisin cun poill a dheanamh tríd an leathar.
Bhí bróga bun adhmaid go fluirseach fadó tá cuid le fághail fós.
Níor chuala mé faoi(leanann ar an chéad leathanach eile)