Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cuid de na daoine cuid do'n t-im i dtaisge, mar da dtagfhadh na sídheóga gheobhadh siad an t-im.Tá cuinneóg againn sa mbaile. Tá sé 19 ór ar faid agus 15 1/2 ór. ar leithead. Tá sé tuairim agus sé bliadna againn. Cheannuigh m'athair i nGaillimh é. Bíonn sé dúnta le clár bíonn láim na cuinneóige ag casadh rud atá istigh ann. Déantar maistir mar seo - glantar an cuinneóg le uisce bruighte a chuir isteach. Más sa Samhradh doirtear uisce fuar ann. Ta sé réidh anois chun uachtar a chuir isteach ann agus tosnuighadh 'ghá bhuailadh. Craithtear salann anuas ar an gclár súl má thosnuigheann dhá dhéanamh. Faid agus bhíonn siad ag dhéanamh maisthrighthe ní leightear do aon duine splanc a thabhairt amach, agus má thagann aon stráinséar isteach baineann sé cúpla casadh ar.Tá cuinneóg againn sa mbaile. Is ceann de na sean-chuinneóg í. Tá sí trí troighthe ar aoirde, agus troigh agus sé órlaigh ar leithead. Déunann muid maistir ins an gcuinneógh. Caitheann(leanann ar an chéad leathanach eile)