Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0085

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0085

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
  2. XML Leathanach 0085
  3. XML “Scéalta”
  4. XML “Scéalta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéalta.
    Tá tobar in Órán Mór. Tobar na Caillighe a tugtar air. Seo sgéal a chuala mé faoi:-
    Talamh tirim a bhí san áit fadó mar a bfhuil an tobar anois is aisteach an chaoi a dtáinigh an tobar ann. Bhí bhó iongantach in a seasamh san áit. Bhí sí ag tabhairt go leor bainne do gach duine.. Ní feicfheá an dath a bhí orra ar bhó ar bith. Deirtear nach fachas riamh ag ithe í. Lá amáin chuaid bean dá bleághann. D'imhthig an bhó agus ní fhacha aoinne ó shoin í. Tá sruthán ag rith ó'n tobar go dtí Poll an Muirghnín i gCaislean Gearr agus tá an t-uisge dhá slugadh annsin.
    Tá pisreóga aca freisin faoi'n tobar. Mar, deirtear nach ceart dul thar an tobar gan braon uisce a thógal.
    Sin é an fáth a tugadh an t-ainm sin air.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    2. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Mhaoldomhnaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    52
    Seoladh
    An Chreig Bhuí, Co. na Gaillimhe
  2. Bhí fear ag teacht ó cuairt thuas i mBaile Murcudha oidhche. Oidhche breágh geal a bhí ann i lár an Gheimhridh. Bhí sé an-deireannach san oidhche mar bhídar ag imirt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.