Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)páiste ar an saoghal. "Á, murdar" ars an marcach nuair a chuala sé sin. Faoi cheann tamaill chuaidh sé sa seómra go dtí bean an tighe, thóig sé aníos leabhar as a phóca agus stróic duilleóg amach as, agus sgríobh sé cunntas ar an bpáipéar gurb' é crochadh an bhuachalla a bhí le déanamh. Thug sé de mháthair an bhuachaill é agus dubhairt sé léithe é a choingbháil agus nuair a bheadh an bhuachaill beag ag dul ar sgoil é a fhúagháil ar a chasógín. Rinne an bhean mar a dubhradh léithe. Nuair a bhí an bhuachaill beag ag dul ar sgoil, d'fhuagháil a mháthair ar a chasóig taobh istigh an nóta.
Tráthnóna amháin nuair a bhí an buachaill ag teacht ó sgoil chonnaic sé an páipéar, sgaoil sé na greamanna agus tharraing sé aníos an páipéar agus léigh sé é. Nuair a bhí a fhios aige gur le na chrochadh a bhí le déanamh d'imthigh sé abhaile go mear, agus d'innis sé dá mhuinntir faoi'n nóta. Deir sé go n-imtheóchadh sé leis i ndiaidh a chinn roimhe lá'r na bháireach, agus nach mbeadh sé le casadh le na mhuinntear go dtó [!] go crocfaidhe é. Lá'r na bháireach d'imthigh sé leis. Bhí sé ag imtheacht leis nó gur bhain an oidhche an lá dhó. Nuair a bhí an oidhche tuite tháinigh an buachaill go dtí teach mór,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bhailentín Ó Dubhagáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 66
- Seoladh
- An Móinteach Thuaidh, Co. na Gaillimhe