Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0023

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0023

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
  2. XML Leathanach 0023
  3. XML “Seanfhocla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    63) Rud a sgríobhas an púca léigheann sé fhéin
    64) Is beag an bailigheacht is fearr na tóireacht (?)
    65) Cat bradach a gheobhadh brabac air

    66) Coinnigh an cnámh i do láimh agus beidh na madraí (?) i gcomhnuidhe ag tnufán leat

    67) Buail an t-iarann an fhaid is tá sé te
    68) Is fearr an troid ná an t-uagneas
    69) Bíonn blas searb ar an bhfirínne
    70) Tugann Dia do'n croidhe caithte é
    71) Ní thagann an aois is an óige le chéile
    72) An té bhíos a magadh bíonn a leath faoi fhéin
    73) Ní lúaide an trócaire a roinnt
    74) Is fearr solas romhat ná dhá sholas in do dhiaidh
    (Peadar O Moráin, Cathair Gabhann

    75) Bíonn blas ar an mbeagán
    76) Bíonn caora dubh san tréad is gile
    77) Bíonn uan bán ag caora dubh
    78) Ní ualach ar dhuine a chóta
    79) Ná ceannuigh muc i mála
    80) Is fiúnghantaigh poll ná píosa
    81) Ní chaitheann an chainnt an t-éádach
    82) Is fearr uair ar maidin ná dhá uair sa tráthnóna
    83) Sín an lámh gearr i bhfad
    84) An sgéal atá gearr is fearr
    85) An rud is giorra is géire
    86) Is olc é an seanchus fada
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mairtín Mach Giollarnaith
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 60
    Seoladh
    Cathair Ghabhann, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Micheál O Maoldomhnaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chreig Bhuí, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Micheál O Reactabhra
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 65
    Seoladh
    Cathair Ghabhann, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Peadar O Moráin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cathair Ghabhann, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seamús O Grálaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 67
    Seoladh
    Baile Chláir, Co. na Gaillimhe