Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0007

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0007

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
  2. XML Leathanach 0007
  3. XML “Na Nósanna a Théann le Lá Fhéile Bríde”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Téigheann siad thart leis an mbrídeóg lá 'le Brighde.
    Is ceart coinnle a bheith agat lá 'le Brighde
    Bíonn crosóga dhá ndeanamh oidhche 'le Brighde

    Bíonn daoine ag dul tart agus sean-channa aca agus iad ag bualadh air ag baint cheoil as.

    Is ceart an doras a fágáil oscailte agus tiochfaidh Bríd isteach
    Is é lá 'le Brighde an chéad lá d'Earrach

    Bíonn uair ar maidin agus uair tráthnóna de fhaid ar an lá ó lá 'le Brighde.

    Tosuigheann na feilméaraí ag reidhteach i gcoinnibh an Earraigh nuair a thagan lá 'le Brighde

    Is í naomh Brighde patrún an fheilméarachta

    Gach dara lá o mó lá-sa Pádruigh
    Oidhche 'le Brighde gan bruitheachán
    Oidhche Nodlag gan im
    Oidhche Inide gan feoil
    O Dhia nach suarac an teach é seo

    Nós eile déanann fear an tighe cros de tighe agus maide. Crocann sé ar an taobh theas do'n teach é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Bríde (~366)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheal O Reactabhra
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 68
    Seoladh
    Cathair Ghabhann, Co. na Gaillimhe