Scoil: Corr an Droma

Suíomh:
Cor an Droma, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Breandán Ó Míodhcháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0270

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0270

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corr an Droma
  2. XML Leathanach 0270
  3. XML “An Bhean a Bhíodh ag Sníomh Deireanach san Oíche”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    do thosnuigh sí ag sníomh. Ach leis an sgéal do ghiorruigadh bhíodar ag teacht isteach ó chailleach go cailleach go raibh ceithre cailleacha is fice ann, dhá cailligh deag ag sníomh agus an oireadh céadhna ag cárdáil. D'oibrigheadar tamall agus annsin dubhairt ceann aca go mbolc thuill bean an tighe tada do dheanamh dí oir níor chuir sí cumaoin ar bith orra fá na gcuid oibre gan fiú biadh ná deoc thabhairt dóibh. Do geall an bhean bhocht annsin go ndéanfadh sí deoch dóibh. Thóg sí an canna léi agus chuaidh sí í gcoinne uisce ach nuair a bhí sí ag filleadh ar ais buail sí a cos in aghaidh cloch. Thosuigh sí ag easgaint ar an gcloic " Ná bí ag easgaint orm" ars' an cloch " mar is mise do mhahtair a tháinig rómhat annso le comhairle do thabhairt duit. An uair rachaidh tú abhaile abair go bhfuil Cnoc Áine ar lasadh agus rithfidh na cailleache amach. Nuair a bheidh siad amuigh dún an doras agus ná leig isteach aríst iad. Sul má dhúnfas tú an doras chaith amach a gcuid turnaí agus a gcuid cardaí. Ar a bfeaca tú ariamh na leig isteach aríst iad no beidh áithmhéala ort. Rinne sí mar adubharadh léi. Chómh luadh is do chualaidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0501: The Three Old Women Helpers
    AT0501*: “The Fairy Hill is on Fire!”
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Fhathaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    76
    Gairm bheatha
    Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Baile Chláir, Co. na Gaillimhe