Scoil: Corr an Droma

Suíomh:
Cor an Droma, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Breandán Ó Míodhcháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0446

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0446

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corr an Droma
  2. XML Leathanach 0446
  3. XML “Sníomh Lín agus na Daoine Maithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean ann fadó agus bhíodh sí ag áirneán ag sníomh lín. Tháinig triúr chailleach isteach chuichi oidhche agus d'iarradar gnó uirthi. ''Tabhair gnó dhom-sa'' arsa ceann aca. ''Tabhair gnó dhom sa'' ars an tarna ceann. ''Tabhair gnó dom sa'' ars an tríomhadh ceann. Chuir an bhean an triúr aca ag sníomh lín. Bhíodar ag sníomh leo agus i gceann tamaill na h-oidhce dubhradar léi dul go dtí an tobar a' lorg uisge go mbeadh sgroid aca. Chuaidh sé ar lorg an uisge agus nuair a bhí sí ag cur síos a lámh chun an uisge do tagaint do rugadh ar an láimh uirthi. " Ná bíodh aon eagla ort" ars an duine léi. is tú féin atáid le beirbhiu leis an uisge seo, acht rith go dtí an doras agus abair go bhfuil an bearna dearg tré teíne. Cuir an t-ursul treasna na teineadh annsin, chaith amach uisge na gcos, bhain cnag as an scaigne agus bhain greim d'en chiste agus iompuigh gach aoinne san teach ar a taobh dheis san leabaidh agus annsin níl baoghal ort." Rith sí go dtí an doras agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
          1. sníomh agus fí (~482)
    Innéacs seanscéalta
    AT0501*: “The Fairy Hill is on Fire!”
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás de Búrca
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    Na Cathracha, Co. na Gaillimhe