School: Corr an Droma
- Location:
- Corrandrum, Co. Galway
- Teacher: Breandán Ó Míodhcháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)do thosnuigh sí ag sníomh. Ach leis an sgéal do ghiorruigadh bhíodar ag teacht isteach ó chailleach go cailleach go raibh ceithre cailleacha is fice ann, dhá cailligh deag ag sníomh agus an oireadh céadhna ag cárdáil. D'oibrigheadar tamall agus annsin dubhairt ceann aca go mbolc thuill bean an tighe tada do dheanamh dí oir níor chuir sí cumaoin ar bith orra fá na gcuid oibre gan fiú biadh ná deoc thabhairt dóibh. Do geall an bhean bhocht annsin go ndéanfadh sí deoch dóibh. Thóg sí an canna léi agus chuaidh sí í gcoinne uisce ach nuair a bhí sí ag filleadh ar ais buail sí a cos in aghaidh cloch. Thosuigh sí ag easgaint ar an gcloic " Ná bí ag easgaint orm" ars' an cloch " mar is mise do mhahtair a tháinig rómhat annso le comhairle do thabhairt duit. An uair rachaidh tú abhaile abair go bhfuil Cnoc Áine ar lasadh agus rithfidh na cailleache amach. Nuair a bheidh siad amuigh dún an doras agus ná leig isteach aríst iad. Sul má dhúnfas tú an doras chaith amach a gcuid turnaí agus a gcuid cardaí. Ar a bfeaca tú ariamh na leig isteach aríst iad no beidh áithmhéala ort. Rinne sí mar adubharadh léi. Chómh luadh is do chualaidh(continues on next page)
- Informant
- Bean Uí Fhathaigh
- Gender
- Female
- Age
- 76
- Occupation
- Oibrí tí
- Address
- Baile Chláir, Co. Galway