Scoil: Corr an Droma

Suíomh:
Cor an Droma, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Breandán Ó Míodhcháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0448

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0448

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corr an Droma
  2. XML Leathanach 0448
  3. XML “Ábhar Sníomhadóireachta na Mná Pósta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean óg uasal ann fadó agus do phós sí feirmeoir. Ní raibh sí i bhfad pósta nuair do chaith máthair a chéile anuas ón gcúllochta roint lín chuichi agus dubhairt sí leí é socrughadh agus é sníomh. Bhí sí ag féachaint air agus ní fhéadair sí an domhan cad a dhéanfadh sí leis. Ní raibh sí ábalta ar aon nídh a dhéanamh acht a bheith ag féachaint air. Is geárr go dtáinig fiodhichailleach isteach chuichi agus dubhairt sí leí go socróchadh sí é, agus go sníomhfadh sí é acht a phágh a thabhairt dí. "Tabharfadh do phágh duit ars an bean uasal. "Ní iarraim aon phágh ort, " ar sise " acht m'ainm bheith agat nuair a thiocfadh chugat agus a lín sníomhtha agam. " "Tá go maith " ars an bhean "bhíodh sé mar sin." D'imthigh an chailleach leí agus thug sí an lín leí. Bhí lios in aice an tíghe. Bhíodh fear a' tíghe ag gabháil thairis gach aon lá. Chualaidh sé an bhean istigh sa lios ag sníomh agus ag crónán di féin, agus sé an crónán bhíodh aici, dá mbeadh fhios ag mnaoi uasal an baile
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0500: The Name of the Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás de Búrca
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    Na Cathracha, Co. na Gaillimhe