Scoil: An Clochar, Áth Cinn
- Suíomh:
- Áth Cinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fir amach sa sgioból, fanann na mná cois na teine. Teígheann bean a’ tíghe thart le cupán tae gan fó-chupán ar bith agus slisne beag aráin nó brioscaí leis an ocras a choinneál uatha go dtí go mbeidh na sagairt réidh. Nuair a bhíonn na sagairt réidh imthigheann síad agus itheann na mná a mbricfeasta sa bpárlús. Tugann síad isteach na fir, tugann síad a mbricfeasta dóibh sa chistín. Cuirtear dhá bhuird le chéile sa gcaoi go mbeadh go leór daoine in ann suidhe thart timcheall ortha. Teígheann na daoine abhaile annsin. Fadó d’fanadh na daoine le na ndinnéar chomh maith le na mbricfeasta. Tugann síad cuireadh do na daoine óga teacht san oidhce agus bíonn siamsa, síamsa, spóirt aca ar feadh cúpla uaire.
Nóra Ní Chuinneagáin- Bailitheoir
- Nóra Ní Chuinneagáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cuinneagáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe