Scoil: An Clochar, Áth Cinn

Suíomh:
Headford, Co. Galway
Múinteoir:
An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0023, Leathanach 0080

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0023, Leathanach 0080

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Áth Cinn
  2. XML Leathanach 0080
  3. XML “Lá na Stáisiún”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fir amach sa sgioból, fanann na mná cois na teine. Teígheann bean a’ tíghe thart le cupán tae gan fó-chupán ar bith agus slisne beag aráin nó brioscaí leis an ocras a choinneál uatha go dtí go mbeidh na sagairt réidh. Nuair a bhíonn na sagairt réidh imthigheann síad agus itheann na mná a mbricfeasta sa bpárlús. Tugann síad isteach na fir, tugann síad a mbricfeasta dóibh sa chistín. Cuirtear dhá bhuird le chéile sa gcaoi go mbeadh go leór daoine in ann suidhe thart timcheall ortha. Teígheann na daoine abhaile annsin. Fadó d’fanadh na daoine le na ndinnéar chomh maith le na mbricfeasta. Tugann síad cuireadh do na daoine óga teacht san oidhce agus bíonn siamsa, síamsa, spóirt aca ar feadh cúpla uaire.
    Nóra Ní Chuinneagáin
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Chuinneagáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Bunatober, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cuinneagáin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Bunatober, Co. Galway