Scoil: An Clochar, Áth Cinn
- Suíomh:
- Áth Cinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar, Áth Cinn
- XML Leathanach 0094
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear in a chómhnuidhe i gCaltra fadó dárbh ainm Tadhg Ó h-Eisín agus bhí sé pósta. Ní raibh aon chlann aca agus bhí siad an-bhocht acht in dhiaidh a chéile bhí siad ag piocadh suas. Sa deireadh bhí siad saidhbhear go leór agus dubhairt siad lá amháin go mb'fheárr dóibh dul thart ar. Dubhairt siad freisin go mb'fhearr dóibh cuid mhaith de'n t-airgead a fhágáil súas go dtiocfadh an "Old grey sweep of Spring". Chuir siad suim mhaith i stoca agus d'fhág siad suas i bpoll a bhí san simléar é. D'fhág siad annsin ar feadh i bhfad gan féachaint air agus lá amháin nuair a bhí an fear imthighthe go dtí an tháinig fear déirce go dtí an doras agus d'íarr sé cúpla pighinn ar an bhean.
Cheap sí anois gurbh é seo an "Old grey sweep of Spring" mar bhí sé anaosta agus liath. Céard a rinne sí acht an stoca a thógáil anuas as an simléar agus thug sí dó é agus as go bráth leis.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eibhlín Ní Fhaoileáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 55
- Seoladh
- Poll na hAille, Co. na Gaillimhe