School: An Clochar, Áth Cinn

Location:
Headford, Co. Galway
Teacher:
An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0023, Page 0094

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0023, Page 0094

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Áth Cinn
  2. XML Page 0094
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear in a chómhnuidhe i gCaltra fadó dárbh ainm Tadhg Ó h-Eisín agus bhí sé pósta. Ní raibh aon chlann aca agus bhí siad an-bhocht acht in dhiaidh a chéile bhí siad ag piocadh suas. Sa deireadh bhí siad saidhbhear go leór agus dubhairt siad lá amháin go mb'fheárr dóibh dul thart ar. Dubhairt siad freisin go mb'fhearr dóibh cuid mhaith de'n t-airgead a fhágáil súas go dtiocfadh an "Old grey sweep of Spring". Chuir siad suim mhaith i stoca agus d'fhág siad suas i bpoll a bhí san simléar é. D'fhág siad annsin ar feadh i bhfad gan féachaint air agus lá amháin nuair a bhí an fear imthighthe go dtí an tháinig fear déirce go dtí an doras agus d'íarr sé cúpla pighinn ar an bhean.
    Cheap sí anois gurbh é seo an "Old grey sweep of Spring" mar bhí sé anaosta agus liath. Céard a rinne sí acht an stoca a thógáil anuas as an simléar agus thug sí dó é agus as go bráth leis.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1541: For the Long Winter
    AT1653: The Robbers under the Tree
    Language
    Irish
    Informant
    Eibhlín Ní Fhaoileáin
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    55
    Address
    Pollnahallia, Co. Galway