School: An Clochar, Áth Cinn

Location:
Headford, Co. Galway
Teacher:
An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0023, Page 0067

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0023, Page 0067

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Áth Cinn
  2. XML Page 0067
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Tomás na gCloch”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Nuair a tháinig síad go bruach na h-abhainn chaith "Hughie" an mála gainimhe isteach ins an abhainn. "Tá mé sásta anois" ars an t-easbog. "Gabh abhaile anois". Bhí an mála píghneacha ag "Hughie" nuair a chuaidh sé abhaile agus bhí sé ag ól go ceann bliadhna.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tomás na gCloch.
    Bhí fear dar bh'ainm Tomás Ó h-Oisín, Tomás na gCloch a tugadh air in a chomnaidhe i mBun-an-Tobar in aice "Abhainn Bháidhte" agus tá lorg a' tíghe ann fós. Saor cloiche a bhí ann agus fear an-láidir a bhí ann. Bhí deirbhshiúir aige agus bhí sí níos láidre ná é. (Bhí) Máire Mhór na gCloch a tugtaoi uirthi. Bhí Tomás ag dul go Gaillimh lá ag marcaigheacht ar chapall. Thart an sean-bhóthar Baile Chláir a bhí sé ag dul agus Máire Mhór taobh thiar de ar chúl an philín. Ag dul anuas droichead Baile Chláir, b-shin é an t-am a bhí sé ghá dhéanamh. Bhí ceathrar fear ag cur cloiche móire suas ar chaisil an droichid. Chlis sé orra (iad) é a chur suas. "Gabh aníos a Mháire" arsa Tomás "agus chuir suas an cloch dhóibh". Thúirling Máire de’n capall. Clóca bréidín a bhí uirthi agus chaith sí a sgirta síar fé na h-ascall. Chrom sí go dtí an cloch agus leag sí suas í. Le méid an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Chuinneagáin
    Gender
    Female
    Address
    Bunatober, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Cuinneagáin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    68
    Address
    Bunatober, Co. Galway