Scoil: Áth Cinn (B) (uimhir rolla 14047)

Suíomh:
Áth Cinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Gairbhín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0023, Leathanach 0008

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0023, Leathanach 0008

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Áth Cinn (B)
  2. XML Leathanach 0008
  3. XML “Cat Uaitéir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fado darbh ainm Uaitéar.Bhí clann mór aige agus lá amháin dubhairt a bhean leis "Teigh go Tuaim induí a Uaitéir agus ceannuigh péire bróg le haghaidh gach páiste ata againn".
    Bhí cat mór acu sa teach agus labhair sé mar seo. "Ceannuigh péire bróg domsa freisin". Bhí fear in a chomnuidhe in aice leis agaus bhí paca gadhar aige. Chuaidh Uaitéar amach leis an sgéal a innseacht do faoi an gcar. Dubhairt an fear leis a dhul ar ais arís go brí a teach agus a rádh leis an gcat go gcaithfeadh sé teacht leat go dtógfaidh tú a mhiosúir.
    Ar ais leis go dtí a teach agus dubhairt sé leis an gcat go caithfeadh sé teacht leis go tuaim go dtógfeadh sé a mhiosúir. Chuir sé an cat síos sa mhála agus chuaidh sé amach. Ní raibh sé i bhfad ag siubhal nuair casadh an fear leis agus na pacha gadhair aige agus ar seisean " Ceard ta sa mala agat?" Chuir an cat a crúbaí tart timppheall Uaitéar agus dubhairt sé.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT2412C: (The Cat Asks for Boots)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Spiolláin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chathair Gheal, Co. na Gaillimhe