Scoil: Áth Cinn (B) (uimhir rolla 14047)
- Suíomh:
- Áth Cinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Gairbhín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áth Cinn (B)
- XML Leathanach 0007
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)19) Is maith an nidh an fhoighid, is olc an nidh an fhaillighe 20) Is fearr an troid ná an t-uaigneas21) Is binn béal in a thost22) Is fearr na bó an laogh, le bean-an-tighe an bainne23) Má's fada an lá tagann tráthnóna24) Níl fhios cé is fearr luath nó mall
25) Ní h-ionann dul go dtí an baile mór a's teacht abhaile as
26) Muna mbí acht pocaide gabhair le díol agat, bí i lár an aonaigh leis
27) Ní fuide gob an gé ná gob an ghandail28) Ní féidir le duine bheith ag feadghail agus ithe mine29) Nuair a fhásann an t-slat is deacair sníomh in a gad30) Nuair is cruaid de'n chailligh, caithfidh sí rith
31) Ní thig le mala follamh seasamh nó le cat marbh siubhal
32) Ní dhéanfadh an saogal capall rása d'asal
33) Teann teine leis an gcloich, agus caithfidh sí pleasgadh
34) Ní théidheann míioltóg isteach sa mbéal a bhíos dúnta
(Cnuasach beag de shean-fhocail a bhailigh mé féin. Chuala mé gach ceann aca in úsáid sa gceanntar seo, agus creidim nár clódbhuaileadh a bhfurmhór. - Seán O Gairbhín, Áth-Cinn)- Bailitheoir
- Seán Ó Gairbhín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Áth Cinn, Co. na Gaillimhe