Scoil: Maol Raithnighe

Suíomh:
An Mhala Raithní, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
An tSiúr Philomena
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0088, Leathanach 141

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0088, Leathanach 141

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maol Raithnighe
  2. XML Leathanach 141
  3. XML “Cuach na Finne”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    (IV)
    Is a Chuach na Finne má d'imthigh tú lé do nead,
    Síar go h-Iorrus an áit a mblígtear go fíor na bá,
    Ma's mé Cuach na Finne is gur imigh mé lé mo nead
    Ní dhearna mé aon dochar nach bhfillinn arís ar m'ais.

    (V)
    Síar in Iorruis atá cuid de mo chomhluadar,
    Plannda an inghin a d'eitigh mé posadh aréir,
    Labhair sgéal uaim chuicí gur minic a phóg mé a béal,
    Is go bpógad í tuilleadh má theannfaidh mé bothar leití. (bolacht leithi)

    Ná pos bean follamh, is ró-bheag an mhaith í le fághail,
    Ná buachallín sgaithte nach mbeadh aige talamh ná tráigh,
    Nuair a thig an dá fhollamh, téigheann síad ag síar clamhsain,
    Is ó bhéireas bean leanbh is ro-bheag a diol sníomhacháin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Cheallaigh
    Inscne
    Baineann