Scoil: Maol Raithnighe

Suíomh:
An Mhala Raithní, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
An tSiúr Philomena
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0088, Leathanach 174

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0088, Leathanach 174

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maol Raithnighe
  2. XML Leathanach 174
  3. XML “An Amaideacht”
  4. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an mbeitheá indon mé a bhearradh." Dubhairt sí go mbeadh agus bhearraigh sí é le siosúr beag a bhí aici. Nuair a bhí gach rud déanta aici dubhairt sí leis "cuir amach do theanga agus chuir. Bhain sí an teanga do leis an siosúr agus as go breagh leis.
    Thugadar leo an méid óir agus airgid a bhí lé fághail aca 'san áit, agus chuadar abhaile, agus tá síad saibhir sathach ó shoin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tá mianach maith in chuile rud má dtigeadh leat fáilt amach

    Is fad ó bhaile bó gan laoigh
    Níl olc í tír nach fearrde duine éigin
    Ní airigheann duine dighe na dtobar go dtruimuigheann síad

    Is fearr an t-ádh ná éirighe go moch
    Meilteann muilinn Dé go mall, agus meilteann go mín
    Ná bac lé mac an bhachaig, agus ní bhacaigh mac an bhacaigh leat
    Fearthann samhraidh agus teasmach geimhridh - dá rud nach seasann ibhfad
    Seo sláinte na h-Éireann na Conndaethe fa dó te nach maith leis go maith muid ná raibh sé ibfad beo
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge