Scoil: Maol Raithnighe

Suíomh:
An Mhala Raithní, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
An tSiúr Philomena
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0088, Leathanach 176

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0088, Leathanach 176

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maol Raithnighe
  2. XML Leathanach 176
  3. XML “Seanamhrán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seanamhrán

    Céad slán go bliadain is a taca seo,

    Céad slán go bliadain is a taca seo,
    Nach deas a bhí me gléasta
    Me indon a' dul 'un cainnte le Gall is le Gaedilibh
    Ná gur phós mé an giobach
    Go raibh cupla bó mar spré aicí,
    Is d'fhag sin fuar follamh mé
    'S mo chroiceann feal gan léine.
    II
    Nuair a éirigim-se ar maidin
    Agus mé i gcionn mo laidhe
    Ní fhagam an teine fadaigh
    Ná faolach ar mo páisde
    Ní hé sin is mó a marbhuigheas mé
    Ná méaduigeas ar mo shólas
    Ach mo leanbh bán ag sgreadaighil
    Is mo giobach i dteach mo chomharsan
    III
    A bhuachaillí oga an baile seo
    An cuid agaibh atá gan posadh
    Na fagaidh bean mhaith in bhur ndhiaidh
    Mar gheall a bheith gan bólacht
    Mar is fearr a bothán glan agaibh
    le teacht isteach tratnóna
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge