Scoil: Ráth Séideóg (uimhir rolla 8786)
- Suíomh:
- Ráth Seideoige, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brighid Ní Dhomhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ráth Séideóg
- XML Leathanach 19
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Realt Ní Bheirn
Drum bolg, Muleann Úr , leithbhearr, Dun na nGall dhá bhlian deag d'aois. Togadh mé nDrum bolg. Ó mo mhathair. I mbliain seo 1938 . Drum bolg. 14-1-38
Nuair a bhí Aodh Ruadh ag troid i gconnibh na Sasanaigh. is ag an Ardan Roe do bhí cath idir é féin agus na Sasanaigh . Bhí cumha ar go mbeadh buaidh ag na Sasanaigh ach dubhairt Aodh Ruadh paidir agus shéid gaoth laidir ó Fhlaithis agus séideach cuidmhor cloch in aghaidh na Sasanaigh agus fuair na Gaedhil an buaidh, Tá an Ardan Roe fha thuairim dhá mhile ó'n áit seo agus téighim thar an bhealach seo gach lá i mé ag dul ar scoil.- Bailitheoir
- Realt Ní Bheirn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Drumbologe, Co. Dhún na nGall
- Ar cnoc fa thuairim míle ó'n ár dteach i n-am na Péin Dligthe leigheadh Aifreann agus nuair a bhí an sagart ag leigheamh Aifrinn bhí na daoine ag feachaint ar gach taobh ar eagla go dtiochfadh na saigdúirí chun breith ar an sagart chun é a thabhairt go prisiun. Tugtar leifreann ar an cnoc sin go dti an lá induí . Is minic a chuaidh mé ar turas go barr an chnuic sin lá Samhraidh.
- I dteach na bhfuil mé in mo chomhnuidhé anois bhí Protusanaigh ann fadó .Oidhche amhain bhí siad ag dheanamh seift chun na Catlicigh do mharbhadh . Ar an do dheag a chlog chuaidh siad do'n seomra in a rabh gunnai orochta, ach cha dtiocfadh leo na gunnaí a(leanann ar an chéad leathanach eile)