Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)
- Suíomh:
- An Coimín, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Aoidh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 095](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1094%2FCBES_1094_095.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 095
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cuimín
- XML Leathanach 095
- XML “Scéalta Crábhaidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deirtear go bhfuil léigheas san cholg - sé sin cuid de'n fuighleach áta fághta indiaidh lín a glanadh agus sé an t-ainm béarla áta air - "Tow". Tá bréid de Colg ceangailte ort san oidche mar léigheas ag súile nimhneach.
Tá sceul ag baint le "Colg". Nuair a bhí an Mhaighdean Mhuire agus Naomh Seosaim ag teiceadh as Eigipt leis an leanbh Iosa cuaidh siad go toighe ag iarraidh loistín. Bhí fear an toighe an-cinealta agus dubhairt sé leobhtha go raibh sé buadhartha nach raibh áit fá réir dobhtha istigh act go rabh sciobol annsin agus neart colg ann agus go dtiocfadh leo fanacht ann go maidín. Rinne siad amhlaidh agus codhluigh siad go sámh go maidín. Ar imtheacht dobhtha ar maidín ba mhaith le fear an toighe fághail amach cé iad fhéin agus sé an freagra a tugadh do - "Bean Mhín Fear Borb, agus Mac Dé ina luighe sa Colg". Thug siad buidheachas do'n fhear, thug a mbeannacht do'n colg, agus d'imthigheadar.- Bailitheoir
- Máire Ní Bhaoghaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Clochán, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Anna Ní Bhaoghaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- An Clochán, Co. Dhún na nGall