Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)

Suíomh:
An Coimín, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 093

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 093

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Cuimín
  2. XML Leathanach 093
  3. XML “Pósaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ins an Inid an tam is mó a phósann na daoine ins an Pharoiste seo. Ó "Athair An Dá Lá Déag" go Mairt na Inde.
    Creideann na daoine go bhfuil laethe - rathmhar agus mí-rathmhar ann - mar - Dia Luain fá choinne sláinte, Dia Mairt fá choinne táinte, Dia Ceadaoine an lá is fearr ar bith, Diardaoin fá choinne mí-ádh, Dia hAoine fá choinne triobloide, ní lá ar bith an tSathairn agus Dia Dómhnaigh an lá is measa de'n iomlán.
    Ba gnáthach leis na daoine posaidhte a dheánamh tráthnóna indiaidh luighe gréine act tá deireadh le sin ins an ceanntar seo anois. Postar iad go luath ar maidín anois.
    Tá pisreogaí ag baint leis an cineal eadaighe a caitheann na daoine. Is gnáthach ball gorm a caitheamh i nOnoir na Maigdine Muire. Ní caitheann achan nduine gorm act gorm is mó a caitheann siad sa Conndae seo.
    Is annamh anois a chluinfea iomradh ar "coisire", act bhí a leithead amhlaidh san pharoiste tá fiche bliadhain ó shoin. D'imtheochaidh "peire" i nganfhios go toighe eigin dá gcuid gaoil. Bhíodh uisge - beatha leisean agus bhíodh oidche mhór aca.
    Cuirfidhe sgeala cuig muinntir na mná lá thar na bharach ag innse dobhtha cá
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Bhaoghaill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    An Clochán, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Baoghaill
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    An Clochán, Co. Dhún na nGall