Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)
- Suíomh:
- An Coimín, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cuimín
- XML Leathanach 027
- XML “Seanchas Áitiúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Mín na gCnámh: Nuair a bhí an chath thart i Srath na mBratóig chuaidh na Gáill síos agus throid siad cath eile ins an áit seo. Marbhadh cuid mhór daoine agus cuireadh iad ins an áit in ár troideadh an chath. Ins an am fá lathair nuair a bhíonns na daoine ag treabhadh an talaimh bíonn siad ag tochailt aníos cuid de na cnámha. Sin an fáth a tugadh Mín na gCnámh ar an áit.
Cnó na Fola: In am an Chogadh Dearg bhíodh na daoine ag deanamh poitín ins an áit seo agus lá amháin thainic na Péis ortha agus throid siad. Dortadh cuid mhór fola an lá sin agus ó sin amach tugadh Cnó na Fola ar.
An Chuimín: Talamh íseal atá ann. Sul ar rannadh an talamh bhí sé uilig faoí ingilte agus nuair a bhí sé rannta cuireadh cuid de faoí churaidheacht. Ins an bhaile seo fosta tá sean Altóir atá deantha as carraiceacha agus bá ghnáthach leis na Sagart Aifreann a léigheamh ar ins an t-sean am.
Gort an Easa: Talamh íseal curaidheacht atá ins an áit agus fosta tá eas ar an abhainn. Bheirtear Gort an Easa ar de bhrígh seo.
Alt an tSneachta: Nuair a thigeadh an an-tsneachta i bhfad ó shoin deirtear go mbéadh cuid de ar an chnoc seo nuair nach mbéadh dadaidh de le feicealt áit ar bith eile agus tugadh Alt an tSneachta ar.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Bhaoghaill
- Inscne
- Baineann
- Bailitheoir
- Seán Mac Fhionntaigh
- Inscne
- Fireann