Scoil: Cruach Ros (uimhir rolla 15532)

Suíomh:
Creamhros, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Colm Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 002

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 002

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cruach Ros
  2. XML Leathanach 002
  3. XML “Longbhriseadh i Loch Suilighe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ins an bhliadhain 1811 tharla long-bhriseadh i Loch Súilighe, bád-cogaidh do chuid ná Sasan a b'eadh í. "Saldanha" an t-ainm a bhí uirthí. Sir William Peckhenham a b'eadh ainm an chaptaoin. Bhí cairde aige i Rath Maolain agus bhí sé a dréim le bheith acu an oidhche sin. Chomhairligh an cheud mháta dó go rabh sé contubhairteach dul suas san oidhche. D'fhreagair an captaoin é agus dubhairt leis go mbéadh sé i Rath Maolain an oidhche nó áit níos teo. Ag teacht isteach béul an locha dó chuir sé an bád suas ar Charraig ná Suilighe agus polladh í. Reath sí isteach go dtí Cuan Bhaile Mac Stocair agus chuaidh sí síos annsin fá thuairm cúig céud slat ó bhun Chnoc Ealla agus fá thuairm leath mhíle ó'n chladach. Baitheadh an chuid is mó dé'n fhuirinn agus orthá seo bhí bean an chaptaoin. Thainic an captaoin agus cuid dé'n fhuireann'un chladaigh agus iad traochta amach. Fuair móran acu bás ar an chladach agus chuir daoine na h-áite an captaoin ar dhruim chapaill a' bráth é thubhairt go Rath Maoláin acht bhí sé comh lag sin gur thuit sé dé'n chapall agus bhris sé a mhuineal. Tugadh an captaoin agus seasca dé'n fhuireann go dtí Rath Maolain agus cuireadh iad in uaigh mhór
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. cruatan (~1,565)
        1. longbhriseachta (~384)
    Teangacha
    Gaeilge
    Béarla