Scoil: Cruach Ros (uimhir rolla 15532)
- Suíomh:
- Creamhros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Colm Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruach Ros
- XML Leathanach 008
- XML “Longbhriseadh Eile sa tSúilighe”
- XML “Longbhriseadh Eile i Loch Suilighe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí morán bagúin uirthí agus dhíol siad é leis na daoine.
Tá an comhartha tosaigh (figure head) a bhí uirthí ag duine as an áit go fóill. - Bliadhain i ndiaidh an Chogaidh Mhóir bhí long gaile ag dul ó Shasain go America le lód óir. An Laurentie" an t-ainm a bhí uirthí agus suas le seacht milliún punnta de ór leithe. Ag dul thart le Ceann Fhanada thainic long fó-thoinn do chuid na n-Gearmánach uirthí agus pholl an long fó-thuinn í. Bhí an áit fá thuairim dhá mhíle ó Cheann Fanada agus bathadh iad uilig. Phleasc sí suas san aer sul a dteachaidh sí síos agus bhí an pléascadh sin le cluinstin i bPort an t-Salainn seacht míle ar shiubhal.
Chuaidh an t-ór agus an fhuireann síos go tóin na fairrge. Tamaill ina dhiaidh sin tháinic seasca do na corpanna aníos go bárr an uisce. Chruinnigh na Sasanaigh iad agus thug aníos iad go Bun Crannuighe, Cuireadh an seasca acu in uaigh amháin i Fathan Mhura, trí mhíle ó Bhun Crannaighe. I ndiaidh an Chogaidh thainic bád do chuid an Rialtais agus thochail siad an chuid is mó dén ór. Chaith siad cupla bliadhain ag obair uirthi agus(leanann ar an chéad leathanach eile)