Scoil: Cruach Ros (uimhir rolla 15532)

Suíomh:
Creamhros, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Colm Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 037

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 037

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cruach Ros
  2. XML Leathanach 037
  3. XML “Scéaltaí Crábhaidh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a bhí Ioseph an Mhathair, agus an leanbh ag teicheadh go h-Eigipt chuaidh siad thar fear ag crathadh síl. D'iarr siad air dá dtigeadh saighdiuirí thart ag cur ceiste fa triúr daoine a rádh leobhtha go dteachaidh siad thart nuair a bh i sé ag cur an cóirce seo. Tamall in a dhiaidh sin thainic cuid saighdiúirí Heorod agus churi ceist ar an fhear an bhfacaidh sé fear, bean agus páiste ag dul an bhealaigh. Ar an bhomaite sin chuaidh an coirce i gcraoibh
    Dubhairt an fear go dteachaidh siad thart nuair a bhí sé ag cur an choirce seo. Sahoil ná saighdiurí go mba ' fhada ar shiubhal iad agus phill siad abhaile.
    Ar a mbealach go hEigipt tharla go dtainic ná saighdiúirí comhgarách d o "An Triúr". Chuaidh siad isteach in uaimh ar a sheacnadh. Thainic dubhan-alla agus shníomhm greasaín ar beal ná h-uaimhe. Nuair a thainic ná saighdiuirí go dtí an uaimh chonnaic siad an greásán agus shaoil siad nach mbeadh duine ar bith ann agus d'imthigh siad.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
        1. scéalta cráifeacha (~1,085)
    Teanga
    Gaeilge