Scoil: Caiseal na gCorr
- Suíomh:
- Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal na gCorr
- XML Leathanach 254
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí tighearna 'na chomhnuidhe thior ar an Chaiseal. Bhí triúr ingeanach aige agus beirt mhac.”
(ar lean ón leathanach roimhe)D'imthigh Eamonn leis agus bhí sé ag dul thart fríd choillidh thrampall sé ar leic agus labhair rud faoi an leic, agus dubhairt sé leis, " Leig amach as seo mé, "Cha leigim leoga," arsa Eamonn, agus d'imthigh Eamonn leis. Nuair a tháinig sé go dtí an Gruagach, cuir sé ceist air goidé bhain an ghruag do no caidé bhain an gáire as. Dubhairt an Gruagach leis go rabh dhá chrann déug amuigh annsin, agus go rabh ceann fir ar gach ceann acu ach aon chrann amjháin agus is goirid go mbéidh do cheann-sa air.
Thoisigh an troid agus ba ghoirid go rabh sé shíos ag Eamonn trí h-uaire, agus dubhairt an Gruagach leis annsin go rabh an bhuaidh aige, agus go dtiocfadh leis é a mharbhughadh anois da mbéadh dúil aige ann. Ach da n-innseochadh sé do caidé bhain an ghruag do na caidé bhain an gáire as.
Thoisigh an Gruagach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seosamh O Dubhgáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Annraoi O Dubhgain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Dhún na nGall