Scoil: Caiseal na gCorr

Suíomh:
Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Donnchadh Mac Giolla Chearr
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1072, Leathanach 252

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1072, Leathanach 252

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal na gCorr
  2. XML Leathanach 252
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí tighearna 'na chomhnuidhe thior ar an Chaiseal. Bhí triúr ingeanach aige agus beirt mhac.

    Sgéal:-
    Bhí tighearna 'na chomhnuidhe thior ar an Chaiseal. Bhí triúr ingeanach aige agus beirt mhac
    Bhí garradh deas ubhlaí aige, agus dubhairt sé leobhtha go dtiocfadh leo a rabh de ubhlaí sa' gharradh a ithe, ach crann amháin a rabh ubhlaí deasa dearga air. Lá amháin chuaidh an bean b'óige amach agus d'ith sí ceann de na h-ubhlaí seo.
    Toradh maille na dhiaidh seo rugadh mac díthe, agus sé an t-ainm a baisteadh air, "Eamonn Mic an Ubhaill dhéirg." Bhí sé ag éirigh suas na ghasúr bhréagh, agus é ag gabhail 'na sgoile. Lá amháin thuit sé amach le fear de na sgolairí, agus sgairt sé Eamonnn Mic an Ubhaill Dheirg air. Tháinig sé 'na bhaile agus dubhairt sé le n-a mháthair nach rabh sé ag gabhail 'na sgoile níos mó. Chuir a mháthair ceist air cad chuige seo, agus dubhairt sé leithe go rabh na sgolairí uilig ag sgairtigh " Eamonn Mic an Ubhaill Dheirg,leis.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seosamh O Dubhgáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Bhealtaine Íochtarach, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Annraoi O Dubhgain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    An Bhealtaine Íochtarach, Co. Dhún na nGall