Scoil: Caiseal na gCorr
- Suíomh:
- Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal na gCorr
- XML Leathanach 253
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí tighearna 'na chomhnuidhe thior ar an Chaiseal. Bhí triúr ingeanach aige agus beirt mhac.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Dubhairt sé léithe go rabh sé ag dul anonn a chuartú ingean Rí na Gréige. Cúpla lá sul ar imthigh sé rinn a áthair mór bád do. An mhaidín a bhí sé ag imtheacht, thug sé brat do agus d'iarr sí air sin a chur in a chuid éadaigh, agus da rachadh sé go brath ar an fhairrge nach mbáithfidhe é.
D'imthigh siad leo agus nuair a tháinig siad go dtí an áit d'fhág sé a bheirt dearbrathacha fhéin shíos ag an tráigh agus chuaidh sé suas go dtí an caislean, bhí sise, na seasamh shuas ar fhuinnróg barr, agus nuair a chonnaic sí Eamonn, tháinig sí anuas agus chuir sí ceist air caidé bhí sé a chuartú, agus dubhairt sé léithe go rabh sé ag cuartú eise. Dubhairt sí leis go gcaithfeadh sé dul go dtí Gruaga an Gáire, agus ceist a chur air caidé a bhain an ghruag do no caidé bhain an gáire as.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seosamh O Dubhgáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Annraoi O Dubhgain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Dhún na nGall