Scoil: Caiseal na gCorr
- Suíomh:
- Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal na gCorr
- XML Leathanach 242
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Chuaidh triúr fear a's Gaoth Dobhair anonn go h-Albain a chuartughadh oibre. Bhí siad ag gabhail thart thall tamall agus chan fhuair siad obair ar bith agus smaointigh siad go bpilleadh siad 'na bhaile araist.”
Sgéal
Chuaigh triúr fear a's Gaoth Dobhair anonn go h-Álbain a chuartughadh oibre. Bhí siad ag gabhail thart thall tamall agus chan fhuair siad obair ar bith agus smaointigh siaf go bpilleadh siad 'na bhaile araist.
Tháinig siad a fhad le teach mór i mBaile Átha Cliath. Bhí siad tuirseach agus ocrach nuair a chroith siad an teach seo.
Bhí suidheachan taobh amuigh de'n teach. Shuidhe siad air adhéanamh a sgríste. Ní rabh said i bhfad 'na suidhe go bhfachaidh siad cáilín aimsire an toighe ag faghail sgála brachain ar fuaradh ins an fhuinneog.
Ba mhaith leo an brachan a bheith acú ach níor mhaith leo é ghoid. Dubhairt fear acú go rachadh sé isteach agus go n-iarrfadh sé é. Chuaidh sé go dtí an doras agus bhuail sé.
Tháinig an cáilín amach agus chuir sí ceist air caidé bhí se a dh'iarraidh.
Ní rabh bearla ar bith ag an fhear agus níor thuig sé an cáilín. Thoisigh sé ag radh, "Brachán, brachán" agus é ag cur a mhear isteach i na bheal. Ni rabh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Ghabhann
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 56
- Seoladh
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Dhún na nGall