Scoil: Caiseal na gCorr
- Suíomh:
- Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Mharbhuigh fear aca an fear eile. D'imthigh an fathach eile 'na bhaile agus d'innis sé do cailleach na gCearc go rabh a comradaighthe marbh. Dubhairt cailleach na gcearc go ndeanfadh siad féasta agus go muirfeadh siad an fhear a mharbhuigh iad. Rinne. Thug siad cuireadh do Mhicheal agus tháinig sé. Nuair a bhí an feasta thart chuaidh Micheal agus an fáthach amach. Bhí cloch mhór annsin. "Tógfaidh mise an cloch seo agus muna dtógfaidh tusa é arsa'n fáthach, muirfidh mé thú. Thóg Micheal an chloch. D'imthigh siad leo ag tarraingt ar coillidh mhóir a bhí ann agus bhí tarbh mire san choillidh sin. Nuair a bhí siad ag tarraingt ar an coillidh dubhairt an fathach " Siubhal leat, " a Micheal " Tá mo bhróg agamsa le ceangail." Shiubhail Micheal leis go dtí an coillidh. Bhi an tarbh ag tarraingt ar Micheal. Chuaidh seisean i n-áirde ar cheann de na crainn. Thoisigh an thart[?] ag dul a leagaint na crann. Tharraing Micheal a lámh agus bhain sé an ceann de. Thainig an fathach annsin agus thug siad leo an ballóg go dtí Caileach na gCearc agus chuir siad(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Proinnseas O Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Padraig Ó Canáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- Caoldroim Íochtarach, Co. Dhún na nGall