School: Cnoc na Naomh
- Location:
- Cnoc na Naomh, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc na Naomh
- XML Page 24
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéal (continued)
“Bhí bean ann am amháin agus bhí triúr ingheanach aicí mar bhí Gráinne, Nuala, Máire Bobanta.”
(continued from previous page)ghnaitha mé" arsa Máire Bobanta. Phill sí airíst leis.
Tabhair chugam mó claidheamhán solasta agus mó bhearna bhriste bearnach" arsa seisean. D'imthigh sise agus ghoid sí an dá nidh seo agus ar shiubhal leithe. Lean seisean í agus dubhairt sé "Tá bás mó thriúr ingheanach ort" "Tá sin orm" arsa sise. "Tá mó chlaidheamhán solasta leat" arsa seisean. "Tá sin liom" srsa sise. "Tá mó bhearna bhriste bhearnach leat" arsa seisean. "Tá sin liom" arsa sise. "Caidé a dheánfas mé leat anois" arsa an rí. "Tá" arsa Máire "cuir isteach i mala mé annsin chroch ináirde mé. Imigh chuig an ghabha agus fágh súiste deánta. Toisigh annsin agus bhuail mé. Rinne an rí mar h-iarradh air agus nuair a fuair Máire ar shiubhal é dubhairt sí "Sgaol, sgaol, a chleite" agus sgaol an cleite an mála. Annsin thainig Máire amach as an mhála agus chuir sí an madadh agus an cat agus léir cupaí agus plátaí isteach ann agus as go bráth leithe fhein. Nuair a thainig an rí agus suaiste iarainn leis thoisigh sé a bhuaileadh an mhála Thoisigh an madadh agus an cat a sgreadaí. Shíl seisean nuair a chualaidh sé an trup a bhí ag na cupaí agus ag na plátaí gur cuid cnámha Mháire a bhí sé a bhriseadh. "Tá tú a fághail anois a Mháire Bobanta agus má tá fhein is maith a shaothruigh tú é," arsa seisean. Stad a sgreadaigh ins an deireadh agus d'fhosgail sé an mála, Nuair a chonnaic sé caidé a bhí san mhala bhí sé ar mire(continues on next page)- Collector
- Aodh Mac Gabhna
- Gender
- Male
- Address
- An Ardaidh Bheag, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Bríghid Bean Mhic Eachmharcaigh
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Address
- Caoldroim Uachtarach, Co. Dhún na nGall