School: Cnoc na Naomh

Location:
Cnoc na Naomh, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Cnáimhsighe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1072, Page 1

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1072, Page 1

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc na Naomh
  2. XML Page 1
  3. XML “Tomhaiseanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (1)Tomhas orm tomhas ort, caidé an dealg a Brighid sá bhrath frg- biorr siocán
    (2) Chuaidh sé anonn ar leg, leg, Tháinig sé anall ar leg, leg, agus líon sé bolg ar leg, leg, Frg.-sileán
    (3) Lán toighe agus lán garraidhe agus ní thógtha lán scála. Frg -toit
    (4) Ceathar ar crith ceathar 'na rith agus mac Sheáin sodar na ndiaidh Frg.-Bó
    (5) Caidé an chéad chuid de bhó a thig amach ar an doras .Frg.-anál
    (6) Fháth caol dubh astoigh idir dhá chrann nuair a bhogas an fáth caol dubh bogfaidh an dá chrann Frg. - asal agus péire foghnogaí uirthi
    (7) Rud beag amuigh annsin agus dhá chéad cóta air. Frg.- Cáil
    (8) Rud beag faoin leabaidh ag féitheamh le cnámh Frg. - Bróg
    (9) Rith mé go bhfuair mé é, shuidh mé gur chuartuigh mé é, dá bhfuighinn é chaitheann uaim é agus mar ná bhfuair mé é thug mé liom é. Frg. - dealg
    (10) Rud beag amuigh annsin agus sop de na chuid fhéin air. Frg.- sapóg cocháin
    (11) Bó bhán, bó bhán, i ndoras toigh Mhaghnuis shlogfaidh sí an domhain agus ní chacfadh sí dhath
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Language
    Irish