Scoil: Caiseal na gCor (uimhir rolla 3294)
- Suíomh:
- Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Donnchadh Mac Giolla Chearr
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1071, Leathanach 242](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1071%2FCBES_1071_242.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1071, Leathanach 242
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéál:- Buachaill an tsleibhe Ruaidhe
Sin buachail a bhí ar an Chearthain fad ó shoin agus ba ghnathach leis a bheith ag buachailleacht an eallaigh de mhuinntir an bhaile. Bheirfeadh duine acú a chuid do gach lá. Sa deireadh thug siad fa dear nach rabh sé ag iththe mórán lá ar bith.
An cead lá eile is í a mhathair a bhí ag tabhairt a choda do ach níor ith sé mórán de'n bhiaidh. Cuir sí ceist air cé bhí ag tabhairt a choda do nuair nach rabh sé ag iththe. Dubhairt sé go dtiocfadh cáilín óg ruadh chuige ar an chnoc agus go dtabhairfeadh sí a chuid do. D'iarr a mhathair air gan a ghabhail a chomhair na mná sin níos mó. Dubhairt sé nach rachfadh.
An dara lá a chuaidh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Sean Mac Gabhann
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Dhún na nGall