Scoil: Mín Doire (uimhir rolla 16151)

Suíomh:
Mín Doire, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 427

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 427

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Doire
  2. XML Leathanach 427
  3. XML “Leigheasanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Léighiseanna.
    Léigheas cleite in Moghain:- Sé an léigheas atá air. Tá pighinn a thabhair leat agus é a chuir na luigh ar an duine atá téin agus coinnle a thabhair leat agus é a lusadh agus é a fagailt na shuide ar an phigin agus annsin guinne a chuir síos i mulach na coinnle agus rachaidh an choinnle íos agus tógad sé amach an craitean agus tú greim a faghail ar an gluinne agus é a taraingt go gasta agus tógadh tú cleit an mogain.
    Léigheas Deighead:- Sé an leigheas atá air. Frog a chuir isteach indo beal agus tabhair ar trí sgread a deanam.
    Léigheas an Triuc:- Sé an léigheas atá air. Tá an asail a beith ag ithe mín-coirce agus an duine ata an triuc air caithe se cuid de mín-coirce a ithe amach as an scaile ata an asail ag ithe agus dul faoí na bolg trí uair.
    Léigheas Sleadan:- Sé an léigheas ata air.Cupa blaithe a theadh agus siúcra a cuir air.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Nic Aoigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín Doire, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Róise Nic Aoigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín Doire, Co. Dhún na nGall