Scoil: Mín Doire (uimhir rolla 16151)
- Suíomh:
- Mín Doire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Doire
- XML Leathanach 355
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-scéal
Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé iongantach beag.
Sé an gléas-beatha a bhí aige ná ag táiliúracht. Lá amháin shuidhe trí chullóg ar an inneal fuaghala agus mharbhuigh an fear beag seo iad le buille amháin. Shil an fear beag anois go mbéadh sé abálta trí rud ar bith a mharbhadh le buille amháin.
Chualaidh an rí iomrádh ar an chumhacht a bhí ag an fhear bheag seo agus chuir sé scéala fá na dheín. Ní rabh a bfhad go dtaínig an fear beag seo fhad leis an rí agus chuir sé ceist ar an rí caidé a thiocfadh leis a dheánamh dó,? Ta arsa an rí " Tá mé ag tógal caisleán mór agus gach oidhche thig trí fháthach mór agus millean siad orm é, má bhíonn tusa ábalta an triúr seo a mharbhadh bheirfidh mé mó inghean duit le pósadh agus béidh dó sháith airgid agat go deó" Bhal arsa an fear beag ní bhíonn mise a bhfád ag cur deireadh leis na fir sin.
An chéad oidhche chuaidh an fear beag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ó Brógain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín Doire, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Brógáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín Doire, Co. Dhún na nGall