Scoil: Mín Doire (uimhir rolla 16151)
- Suíomh:
- Mín Doire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Doire
- XML Leathanach 410
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Pósaidhthe.Sé an tam is gnáthach leis na daoine pósadh san cheantar seo ná ón athar an dá lá dhéag sé sin an séimheadh lá de Eanair goidtí mhaírt Innide. Is beag lanamhaineacha a phóstar Dia h-Aoine agus Dia Satharn, deirtear nach mbíonn saoghal fáda ag aon lanamhain a phóstar ar an dá lá seo. Mar gheall ar sin póstar a mbunadhas ag tús na seachtmhaine. Nuair a bhíonn bean a dheith ar fhear bheireann sé leis cupla fear muinteardha dó na chuid agus rachaidh said fhád le teach éigin a bhfuil cupla cailín óg ann.
Ar dtús rachaidh an triúr fhád le teach osta agus ceanneochaidh an fear atá an bhean a dheith air buideal uisge beatha agus rachaidh siad fhád le teach an chailín.
I dtrathaibh am luighe a ghlacann seo áit. rachaidh siad isteach agus suidhfhidhe siad thart. I gcionn tamaill labhraidhe fear dó na fir agus innseochaidh sé dó fhear an toighe goidé a ngnoithe. Agus má tharlan sé go mbeidh an cailín sásta leis an fhear a phósadh nochtachar buideal an uisge beatha(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ó Brógáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín Doire, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Brógáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín Doire, Co. Dhún na nGall