School: Mín Doire (roll number 16151)

Location:
Mín Doire, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 410

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 410

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Doire
  2. XML Page 410
  3. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Pósaidhthe.
    Sé an tam is gnáthach leis na daoine pósadh san cheantar seo ná ón athar an dá lá dhéag sé sin an séimheadh lá de Eanair goidtí mhaírt Innide. Is beag lanamhaineacha a phóstar Dia h-Aoine agus Dia Satharn, deirtear nach mbíonn saoghal fáda ag aon lanamhain a phóstar ar an dá lá seo. Mar gheall ar sin póstar a mbunadhas ag tús na seachtmhaine. Nuair a bhíonn bean a dheith ar fhear bheireann sé leis cupla fear muinteardha dó na chuid agus rachaidh said fhád le teach éigin a bhfuil cupla cailín óg ann.
    Ar dtús rachaidh an triúr fhád le teach osta agus ceanneochaidh an fear atá an bhean a dheith air buideal uisge beatha agus rachaidh siad fhád le teach an chailín.
    I dtrathaibh am luighe a ghlacann seo áit. rachaidh siad isteach agus suidhfhidhe siad thart. I gcionn tamaill labhraidhe fear dó na fir agus innseochaidh sé dó fhear an toighe goidé a ngnoithe. Agus má tharlan sé go mbeidh an cailín sásta leis an fhear a phósadh nochtachar buideal an uisge beatha
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Ó Brógáin
    Gender
    Male
    Address
    Mín Doire, Co. Donegal
    Informant
    Domhnall Ó Brógáin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Mín Doire, Co. Donegal