Scoil: Mín Doire (uimhir rolla 16151)
- Suíomh:
- Mín Doire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SeancheirdannaDeanamh coinnleSé an tainm atá ag muinntear na háite ar na coinnle a deántar san bhaile "slutanna".
As geir a deantaí na slutanna go léir. Chuirtí ar cam é agus dfágtai ar an teine no comhgarach d'on teas go dtí go mbéadh an geir léighte.
Gheobhthai sraighin ( nó teáda caol de cadáis)
Nuair a bheádh cuid mhaith den gheir suaidhte isteach san chorda thógtí ar shiubhail ón teine é go siocadh sé.
Bheirtí arais é chuig teas na teineadh ar ais agus shuadhadh sé a thuilleadh den gheir. Nuair a bheithi sásta go raibh na coinnle nó na slutanna reamhar go leór d'fágtai i leath-taoibh iad go dtí go mbéadh féidhim leo.
Geir ghabhair a bfeárr a gcoír na h-úsaide. Sé an chiall atá le cam giota de phota. Tá seanrádh coithceannta san áit agus úsaidtear go fóill é ag cainnt fá dhuine atá caiththeach (Ex-travagant. Pron. caíf-each):- da mbéadh cam ar an teine aici chá chomgbheochadh sí an(leanann ar an chéad leathanach eile)