Scoil: Mín Doire (uimhir rolla 16151)
- Suíomh:
- Mín Doire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Doire
- XML Leathanach 356
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bfhollach i bpoll a bhí ins an bhalla-ní rabh a bfhád go dtaínig an trí fháthach untosaigh agus thoisigh siad ag leagan an chaisleán, Chaith an fear beag cloch anuas ó bharr an chaisleán agus bhain sé an t-súil as fáthach amháin, Shíl an fathach gur bé a dhá chomradaidh fhéin a dhein é agus tharraing sé a chlaidheanh agus mharbhuigh sé fear dó na chuid comradaidh, Annsin thoisigh an dá fathaidh a throid goidtí gur thuit an peíre acu marbh. Anois rith an fear beag fhád leis an rí agus dinnis dó go rabh an trí fhathach marbh, ach ní rabh an rí a gheallar a inghean a thabhairt dó le pósadh goidtí go gcuirfeadh sé triall uile air. Dubhairt an rí "Tá tarbh amuigh annsin agus má bhiónn tú ábalta é a mharbhadh gheobhaidh tú mó inghean. Amach leis an fhear bheag agus bhain sé dó a chóta agus chaith sé ar chloch í agus luigh sé fheín i gcul an chloich, Annsin thaínig an tarbh le rása agus bhuail sé a chloigin in éadan na cloiche agus thuit sé marbh.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Séamus Ó Brógain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín Doire, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Brógáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín Doire, Co. Dhún na nGall