Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 94
- XML “An tAmhrán Breágach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chonnaic mé coinín indé 'cur cliabh ar chat.
Bhí tarbh mór baineann ar a dhruim leis i mála breach
Bhí sionnach go brónach agus é ag caitheamh tobac
An bhró-mhuilinn ar eiteóig agus í ag tomhas na hÉireann thart.Chonnaic mé iolar a's uan ag imirt ar thráigh Phléis-Chuain
Bhí fiadh as sionnach ag seinm ar chláirsigh chiúin
Bhí coiste gliomach faoi tuilteacha ar sráid ar shiubhal
Bhí cailín beag plucach ann agus gan "cuid aicí acht áit a súl"Chonnaic mé an domhan ag iomain ar bhórd an Ríogh
Bhí Íarla an Chábhain ann agus a bhearad ar Eoghan Ó Néill
Bhí an naoisc i's an fheannóg agus an grán 'aca chun a dhíol
Agus bhí nead ag an chána i mbrollach bean Iarla na Midhe.Chonnaic mé Éire le réabhóig ar mhullach a cinn
Frog agus grápa aicí 'baint féir ar shráid Dhúin na- nGall
Péist-chapaill a's cearc sléibhe agus creabhar caoch a fás ar a ndruim
cearc uisge 'deanamh léinte de'n fhéar a bhí fás ar an fhionn.- Faisnéiseoir
- Iníon Ní Chuinneagáin
- Inscne
- Baineann